lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Violette thumb
Stiúr: Martin Provost
An Fhrainc / An Bheilg 2013
139 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Is iontach an taispeántas a thugann Emmanuelle Devos uaithi sa scannán ealaíonta seo faoin scríbhneoir ceannródaíoch, feimineach, Violette Leduc, bean dhéghnéasach, a rinne iarracht a bealach corrach, teasaí féin i dhéanamh i measc na mórscríbhneoirí tar éis an chogaidh i bPáras. Is léargas grinn, tuisceanach é seo ar bhean neamhghéilliúil agus ar an gcaidreamh a bhí aici leis an scríbhneoir agus an feimineach aitheanta, Simone de Beauvoir.

Violette thumb
Violette thumb