lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Alceste à bicyclette)

Cycling with Molière thumb
Stiúr: Philippe Le Guay
An Fhrainc 2013
104 nóiméad
Teastas: 15
 

 

Saothar barrúil taitneamhach ón bhFrainc é seo ina bhfuil beirt aisteoirí grinn den scoth. Is pearsa cháiliúil teilifíse duine acu atá ag iarraidh a sheanchara a mhealladh ar ais ar an stáitse chun an phríomhpháirt a ghlacadh i mórshaothar Molière, The Misanthrope. Bíonn an chaint géar, tráthúil agus fiú amháin binbeach an fhad is atá siad ag argóint, ag plé agus ag cleachtadh don dráma.

Cycling with Molière thumb