lean muid
Céiliúradh 50 bliain Caoineadh Airt Uí Laoire (1975)
Caoineadh Airt Uí Laoire
Déardaoin, 10 Iúil | 8.00 i.n. | Seanscoil Sailearna H91 W925
 

 

Caoineadh Airt Uí Laoghaire

Caoineadh Airt Uí Laoghaire - Eibhlín & Seán Bán
Stiúr: Bob Quinn
Éire 1975
52 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Díríonn Caoineadh Airt Uí Laoire (1975) ar ghrúpa aisteoirí Gaelacha, bunáiteacha, is iad ag cleachtadh don leagan drámata de shaothar aitheanta Eibhlín Dubh Ní Chonaill ón 18ú haois. Éiríonn eatarthu féin agus an stiúrthóir, nach bhfuil focal Gaeilge ina phluic, agus is gearr go mbíonn sé ina réabadh. Deirtear gurb é athinsint nua-aimseartha Bhob Quinn ar an racht filíochta cáiliúil an chéad scannán Gaeilge a léiríodh ar bhonn neamhspleách. Is i Seanscoil Sailearna, an áit a ndearnadh an scannán 50 bliain ó shin, a thaispeánfaidh Club Scannán Sailearna é.

Taispeánfar Caoineadh Airt Uí Laoire ag 8 i.n. ar an Déardaoin, 10 Iúil.

Tá an taispeántas seo mar chuid de Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025. Is féidir ticéid a cheannach (nó suíochán a chur in áirithe má tá ticéad Shéasúr na Fleidhe agat) tríd an nasc anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

 

Caoineadh Airt Uí Laoghaire - John Arden
Caoineadh Airt Uí Laoghaire Caoineadh Airt Uí Laoghaire