Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.
Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.
(La isla mínima)
Teannas polaitiúil agus sóisialta in áit bheag tuaithe príomhthéamaí an scannáin scéinséara seo atá lonnaithe sa Spáinn sa bhliain 1980 mar atá an tír ag aistriú ón gcóras deachtóireachta chuig an daonlathas. Tá beirt chailíní
…