(Hoje Eu Quero Voltar Sozinho)
Rugadh Leo gan radharc na súl agus ní fhaca sé riamh aghaidh a chara, Giovana, a choinníonn comhluadar leis agus iad ar an mbealach abhaile ón scoil i Sao Paulo ‘chuile lá. Baintear as a gcleachtadh iad nuair a thosaíonn buachaill nua, Gabriel, sa rang. Baineann sé féin agus Leo an-cheart dá chéile, rud nach dtaitníonn le Giovana mar go bhfuil sí in éad leo. Bhuaigh an scannán seo an duais don chéad scannán is fearr ag Féile Scannán Berlin.