lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Ida thumb
Stiúr: Pawel Pawlikowski
An Pholainn 2013
80 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Is dílleachta í Anna a tógadh i gclochar sa bPolainn, tír a bhí faoi réim na gCumannach, sna 1960í. Tá Anna í féin le dul sna mná rialta agus tugann sí cuairt ar a haintín Wanda, breitheamh soiniciúil a bhfuil dúil san ól aici. Insíonn Wanda d’Anna gur Ghiúdaigh a bhí ina tuismitheoirí agus gur dhúnmharaigh na Naitsithe iad. Téann an bheirt bhan ar thóir na fírinne chun meabhair a bhaint as scéal dorcha a muintire.

Roimhe seo taispeanfar Rúbaí, gearrscannán le Louise Ní Fhiannachta

Ida thumb
Ida thumb
Ida thumb