lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Concerning Violence thumb
Stiúr: Göran Hugo Olsson
An Danmhairg / An tSualainn 2014
85 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Sa leabhar The Wretched of the Earth chreid Frantz Fanon go dtiocfadh an lá go n-éireodh an dream a bhí á gcloí ag lucht an ansmachta amach ina n-aghaidh. Spreag smaointe Fanon an saothar seo, atá suite san Afraic agus a leanann éirí amach an MPLA agus an FRELIMO i gcoinne na gcoilíneach Portaingéalach chomh maith leis na mianadóirí a chuaigh ar stailc sa Libéir. Cuireadh cosc ar an leabhar seo sa bhFrainc!

Concerning Violence thumb