lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Seasur An Earraigh 2015 - Postaer ardtaifigh

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 29 Eanáir leis an scannán Violette. Beidh 10 scannán ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteagacha éagsúla.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

Breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

pdfClubScannan Seasur An Earraigh 2015 Postaer ardtaifigh3.6 MB