(Hundraåringen som klev ut genom fönstret och försvann)
Éiríonn le Allan éalú amach trí fhuinneog an tí altranais an fhad is atá an fhoireann ag réiteach dá chóisir agus an 100 bliain slánaithe aige. Scannán den scoth é seo, atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna, a thugann cuntas ar na heachtraí a bhain agus a bhaineann do Allan, atá dúr ar bhealaí ach cliste ar bhealaí eile ach ar éirigh leis sa saol mar go raibh sciorta den ádh air.