Séasúr an Fhómhair 2020 - Clár agus Postaer
Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán
Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.
De bharr Chovid 19 is gá do thicéad a cheannach anseo roimhré. Táimid ag súil go mór le tú a fheiceáil ag an gclub!
Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.
Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.
Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:
- 08 Deireadh Fómhair: Portrait of a Lady on Fire (An Fhrainc 2019)
- 15 Deireadh Fómhair: Burning (An Chóiré Theas 2018)
- 22 Deireadh Fómhair: Talking About Trees (An tSúdáin, Sead 2019)
- 29 Deireadh Fómhair: Finky (Éire 2019)
- 05 Samhain: The Truth (An Fhrainc, An tSeapáin 2019)
- 12 Samhain: Monos (An Cholóim, An Airgintín 2019)
- 19 Samhain: In the Aisles (An Ghearmáin 2018)
- 26 Samhain: And Then We Danced (An tSualainn, An tSeoirsia 2019)
- 03 Nollaig: Les Misérables (An Fhrainc 2019)
- 10 Nollaig: Pain and Glory (An Spáinn 2019)
Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair.