lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Il capitale umano)

Human Capital thumb
Stiúr: Paoio Virzi
An Iodáil 2014
110 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Oíche fhuar, gheimhriúil atá ann ina dtarlaíonn timpiste d’oibrí óstáin. Leagann SUV go talamh é agus teitheann an tiománaí. Tá triúr príomhcharachtar sa scéal seo: Dino, fear sotalach a bhíonn ag sodar i ndiaidh na n-uasal; Serena, a iníon atá sna déaga; agus Celia, máthair Massimiliano, páirtí Serena, atá lofa le hairgead. Ach cé a bhí ag tiomáint an chairr an oíche chinniúnach úd?

Human Capital thumb
Human Capital thumb