Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.
Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.
(Intouchables)
Níl post cúramóra ag teastáil ó Driss, inimirceach ón tSeineagáil, ach téann sé faoi agallamh chun an Roinn Leasa Shóisialaigh a choinneáil sásta. Déanann sé praiseach den agallamh; meallann sé an rúnaí agus déanann sé
…
Agus na comhghuaillithe ag druidim i dtreo Bheirlín, éalaíonn an déagóir Lore agus a deartháireacha agus deirfiúracha ón gcogaíocht agus imíonn siad ar aistear a thugann léargas fírinneach dóibh ar chreideamh a dtuismitheoirí. Nuair a chastar strainséir
…