lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Kon-Tiki thumb
Stiúr: Joachim Rønning / Espen Sandberg
An Iorua / An Bhreatain Mhór 2012
118 nóiméad
Teastas: CLUB
 

Dhíol leabhar Thor Heyerdahl faoi iomramh 5,000 míle an Kon-Tiki ó Pheiriú go dtí an Pholainéis sa mbliain 1947, os cionn 50 milliún cóip. Scrúdaíonn an scannán seo an tsuim chéadach atá ag Thor sa teoiric gur de bhunadh Mheiriceá Theas iad muintir na Polainéise. Is iomaí dúshlán atá le sárú ag an gcriú amuigh ar an domhain: stoirm dhearg, míol mór a chastar leo, ionsaí siorca gan trácht ar chúrsa dúshlánach, dainséarach farraige.

Kon-Tiki thumb