lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Deux jours, une nuit)

Two Days, One Night thumb
Stiúr: Jean Pierre & Luc Dardenne
An Bheilg 2014
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Tá Sandra san anchaoi. Chlis ar a sláinte agus chaith sí cúig mhí ar shaoire bhreoiteachta. Nuair a fhilleann sí ar a post, faigheann sí amach go bhfuil an bhainistíocht ag iarraidh a cuid cúraimí a roinnt ar a comhghleacaithe agus go dtabharfaidh siad ardú pá do chách má ghlacann siad leis an socrú seo. Caitheann Sandra dhá lá agus oíche ag stocaireacht agus ag impí ar a comhghleacaithe diúltú don tairiscint seo agus an imní atá uirthi ag dul in olcas.

Two Days, One Night thumb
Two Days, One Night thumb