lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Djúpi)

The Deep thumb
Stiúr: Baltasar Kormákur
An Íoslainn, An Iorua 2012
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

Is fíorscéal é seo faoi iascaire ón Íoslainn a mhair ar feadh sé huaire an chloig i bhfarraigí fuara an Atlantaigh Thuaidh, tar éis gur bádh a bhád agus a chuid compánach. Plubaire d’fhear é Gulli atá róthugtha do na toitíní ach athraíonn a shaol go huile is go hiomlán i ndiaidh na heachtra seo. Tá fo-théacs sa scannán seo, sin é tubaiste eacnamaíochta na hÍoslainne agus mar a tháinig an tír chuici féin in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad. Beidh cuimhne go deo agat ar an scannán cumhachtach seo.

The Deep thumb
The Deep thumb

 

Íobairt an Iascaire

Íobairt an Iascaire thumb
Stiúr: Micheál Ó Conghaile
Éire 2013
25 nóiméad
Teastas: CLUB
 

Roimh an scannán seo taispeánfar gearrscannán atá léirithe ag an iascaire ó Oileán Árainn agus mac léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Micheál Ó Congaile. Sa scannán spéisiúil seo, a rinne sé mar chuid den cúrsa MA sa Chumarsáid agus a bheidh á chraoladh ar TG4 leanaítear criú an Iuda Naofa amach go dtí Eitear an Torcáin ar thóir cloicheáin. Tugtar leargas ar shaol an iascaire ar an fharraige, na dúshláin a bhaineann leis an jaib, an sracadh leis an aimsir agus an spraoi a bhíonn acu ar an fharraige. Seo linn ag iascach!