lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Die Wand)

The Wall thumb
Stiúr: Julian Roman Pölsler
An Ostair 2011
108 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Sa scéal machnamhach, suaite seo atá lonnaithe in Alpa na hOstaire, scoitear bean amach ón saol mór taobh thiar de bhalla dofheicthe. Tá sí ina cadhan aonraic agus tá an domhan ar an taobh eile den bhalla ina stad glan. Tá iarracht den fhicsean eolaíochta agus de scéal Robinson Crusoe sa scannán siamsúil seo ina ndéantar cíoradh fealsúnach ar staid an duine.

The Wall thumb