lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Snaba Cash)

Easy Money thumb
Stiúr: Daniel Espinosa
An tSualainn 2010
124 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Rinneadh an scannán Nordach seo in 2010 agus bhí Martin Scorsese chomh tógtha leis go ndearna sé leagan Béarla de le deireanas. Is stumpa breá é JW ar mac léinn eacnamaíochta é. Téann sé ag plé le cúrsaí drugaí ach ní fada go dtarraingíonn sé an iomarca trioblóide sa mhullach air féin. Is iomaí cor foréigneach agus dainséarach atá sa scannán seo sula sroicheann sé an buaicphointe mar a mbíonn an bheatha agus an bás idir dhá cheann na meá.

Easy Money thumb
Easy Money thumb