lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Blancanieves thumb
Stiúr: Pablo Berger
An Spáinn, An Fhrainc 2012
104 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Athinsint atá anseo ar scéal Phlúirín Sneachta ach é curtha i gcomhthéacs an tarbhchomhraic. Ionsaíonn tarbh matador cáiliúil le linn taispeántais agus tagann tinneas clainne anabaí ar a bhean, atá sa lucht féachana. Faigheann sí bás agus í ag saolú an pháiste, tógann leasmháthair ghránna a hiníon óg ach tar éis scaithimh tagann seachtar abhac, ar matadores iad, i gcabhair ar an gcailín álainn. Is scannán dubh agus bán den chéad scoth é seo a thuill go leor gradam sa bhaile agus i gcéin.

 

Blancanieves thumb
Blancanieves thumb