lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Renoir thumb
Stiúr: Gilles Bourdos
An Fhrainc 2012
111 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Agus é amach sna seachtóidí, filleann an óige ar an ealaíontóir cáiliúil Renoir nuair a fhostaíonn sé bean ghéimiúil darb ainm Andrée le suí dá chuid pictiúr. Nuair a thagann a mhac, Jean, abhaile ón gCogadh Mór agus é leonta go dona, titeann sé i ngrá le Andrée. De réir a chéile tuilleann Jean Renoir cáil mar stiúrthóir scannán, pósann sé Andrée agus is í a ghlacann na príomhpháirteanna sna chéad scannáin dá chuid. Is fíorsceál é seo atá lonnaithe i ndeisceart na Fraince.

Renoir thumb
Renoir thumb