lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Seasur An Earraigh 2014 - Postaer ardtaifigh

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 30 Eanáir leis an scannán Renoir. Beidh 11 de scannáin ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteagacha éagsúla.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema, eagraíocht a dheineann comhordanú ar clubanna scannán beaga ar fud na tíre.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach dona scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) per scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

Breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.