lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(La Grande Bellezza)

The Great Beauty thumb
Stiúr: Paolo Sorrentino
An Iodáil 2013
142 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Tá a shaol caite ag an iriseoir agus ag an úrscéalaí Jep i measc lucht liteartha agus drabhláis na Róimhe ag ragairne agus ag mealladh na mban. Údar aon leabhair é agus maireann sé ar cháil an tsaothair sin. Ach in aois a 65, tarlaíonn eachtra a thugann siar ar bhóithrín na smaointe é, rud a chuireann iallach air a mhachnamh a dhéanamh ar an saol. Fuair an scannán seo ainmniúchán don Palme d’Or in Cannes agus bronnadh ceithre European Film Award air.

The Great Beauty thumb