lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

The Broken Circle Breakdown thumb
Stiúr: Felix van Groeningen
An Bheilg 2012
100 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Tá an ceol lárnach sa saothar seo ina bhfuil an grá, paisean, tragóid agus an lúcháir fite fuaite ina chéile. Is lánúin cheolmhar iad Elise agus Didier a bhfuil seacht mbliana caite i mbanna bluegrass acu. Nuair a fhaigheann siad amach go bhfuil a n-iníon go dona tinn, cuirtear brú damanta ar a gcaidreamh le chéile. Téann an scéal i bhfeidhm ar an mbeirt acu ar bhealaí difriúla agus iad ag cuimhneamh ar an saol paiseanta a bhíodh acu. Tá an caidreamh seo i mbaol anois mar gheall ar an drochbhail atá ar a gcailín beag.

The Broken Circle Breakdown thumb
The Broken Circle Breakdown thumb