lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Wadjda thumb
Stiúr: Haifaa Al-Mansour
An Araib Shádach 2012
98 nóiméad
Teastas: PG
 

 

San Araib Shádach, ceaptar nach ceart do chailíní dul ar rothar mar gheall ar chúinsí moráltachta. Ach tá airgead á chur i dtaisce ag Wadjda, cailín óg as cathair Riyadh, le rothar a cheannach. Is saothar ceannródaíoch é seo a rinneadh go hiomlán san Araib Shádach ag scannánóir mná. Súil eile atá ann ar shaol na mban agus ar gháthshaol Riyadh.

Wadjda thumb
Wadjda thumb