lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Mustang thumb
Stiúr: Deniz Gamze Ergüven
An Fhrainc / An Tuirc / An Ghearmáin 2015
97 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Scéal é seo faoi chúigear deirfiúracha, ar dílleachtaí iad, i mbaile beag iargúlta sa Tuirc. Tús an tsamhraidh atá ann agus tá na cailíní ag súil lena saoire. Ach tá siad ag teacht in inmhe agus ní thaitníonn a n-iompar lena gcuid gaolta coimeádacha. Déanann na gaolta iarracht iad a bhriseadh agus róil thraidisiúnta na mban a bhrú orthu. Séantar a saoirse orthu agus déanann an tseanmháthair iarracht cleamhnas a dhéanamh dóibh in aghaidh a dtola.

Bhuaigh an scannán seo gradam an Europa Cinema in 2015.
An Scannán is Fearr, Féile Idirnáisiúnta Scannán Audi, Baile Átha Cliath 2016.

Mustang thumb
Mustang thumb
Mustang thumb
Mustang Poster thumb