lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Marguerite thumb
Stiúr: Xavier Giannoli
An Fhrainc / Poblacht na Seice / An Bheilg 2015
129 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá an-bharúil ag Marguerite di féin mar amhránaí soprano ach i ndáiríre, ní chasfadh sí coirnéal. De bharr go bhfuil sí lofa le hairgead, éiríonn léi dul i gcion ar chách agus cáil na hamhránaíochta a tharraingt uirthi féin. Is trí chuireadh amháin a thugann sí cead do dhaoine teacht chuig a ceolchoirmeacha agus bíonn an lucht freastail ag moladh léi agus á lí. Scéal Éadaí an Impire atá anseo mar nach bhfuil sé de mhisneach ag aon duine an fhírinne shearbh a inseacht lena béal do Marguerite.

Marguerite thumb
Marguerite poster thumb