(Fuocoammare)
Scéal mhuintir an oileáin Lampedusa, ar chósta na hIodáile, agus an chaoi a dtéann siad i ngleic leis an rabharta imirceach a thagann isteach thar toinn chucu, atá sa scannán faisnéise seo. Léiríonn sé an glacadh atá acu leis na dídeanaithe a tháinig slán ón anachain agus tús á chur acu le ré nua ina saol.
Buaiteoir: Gradam an Golden Bear, Féile Idirnáisiúnta Scannán, Beirlín 2016.