lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Im Labyrinth des Schweigens)

Labyrinth of Lies thumb
Stiúr: Giulio Ricciarelli
An Ghearmáin 2014
122 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Scannán Gearmánach é seo faoin gcaoi a dtagann an fhírinne chun solais nuair a théann ionchúisitheoir, óg, idéalach ag cartadh. Faigheann sé amach gur fhill na mílte Naitsithe ar an ngnáthshaol i ndiaidh an chogaidh, in ainneoin a gcuid gníomhartha fuilteacha agus gur fearr leosan atá i gceannas neamhshuim a dhéanamh den scéal. Léiríonn an scannán seo go bhfuil seans maith ann nach raibh tuiscint cheart ag muintir na Gearmáine faoin méid a tharla in áiteanna ar nós champa géibhinn Auschwitz.

Labyrinth of Lies thumb
Labyrinth of Lies thumb
Labyrinth of Lies thumb