(Mænd & høns)
Téann beirt deartháireacha aisteacha sa tóir ar a ndaoine muinteartha agus castar triúr leasdeartháireacha orthu atá níos aistí fós ná iad féin. Nuair a chailltear athair na beirte, fágann sé fístéip acu ina míníonn sé nach eisean a n-athair ar chor ar bith. Insíonn sé dóibh go bhfuil máithreacha difriúla acu beirt agus go bhfuil a n-athair ceart 99 mbliana d’aois agus ina chónaí ar oileán iargúlta in éineacht lena thriúr mac, nach bhfuil uilig ann.