lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Nie Yinniang)

The Assassin thumb
Stiúr: Hou Hsiao-Hsien
An Téaváin, An tSín, Hong Cong 2015
104 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Scannán breise

The Assassin suite sa naoú haois sa tSín, mar a bhfuil deireadh ag teacht le ríshliocht Tang. Is feallmharfóir í Nie Yinniang, an carachtar lárnach sa scéal seo, agus iarrtar uirthi oifigigh chama an rialtais a mharú. Léiriú maisiúil, snasta é seo ina bhfuil meascán de fhrámaí leathana agus radhairc iontacha ealaíon comhraic.

Gradam don léiritheoir ab fhearr ag Féile Scannán Cannes 2015.

The Assassin thumb
The Assassin thumb