lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Dheepan thumb
Stiúr: Jacques Audiard
An Fhrainc 2015
115 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Bhuaigh an scannán seo an Palme d’ór ag Cannes i mbliana. Tá an chéad chuid den scannán conspóideach seo lonnaithe i Sri Lanka mar a bhfuil deireadh ag teacht leis an gcogadh cathartha. Lasann saighdiúir Tamil coirp a chomrádaithe airm agus cinneann sé tús a chur le saol nua. Éiríonn leis féin agus saighdiúir eile an dallamullóg a chur ar na hoibrithe cabhracha agus déanann siad a mbealach chun na Fraince. Tugtar lóistín dóibh i mbloc árasán, áit a gcaithfidh siad cogadh de chineál eile a throid.

Dheepan thumb
Dheepan thumb
Dheepan poster thumb