lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr An Fhómhair 2015 - Postaer isealtaifigh

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 24 Meán Fómhair le scannán íontach ón Spáin Marshland. Gach Déardaoin idir seo agus an Nollaig beidh 11 scannán ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteangacha éagsúla idir, le fotheidil i mBéarla.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema agus le cúnamh i mbliana ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe don chéad uair.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

Beidh breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir eolas a fháil faoin gClub Scannán ach glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2015 Postaer ardtaifigh8.8 MB