lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Bai Ri Yan Huo)

Black Coal, Thin Ice thumb
Stiúr: Diao Yinan
An tSín 2014
106 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a thagann na hoibrithe in ionad próiseála guail ar chorp fir agus é gearrtha ina phíosaí. Bean álainn í a bhaintreach atá ag obair in ionad níocháin. Déantar mísc den fhiosrúchán nuair a mharaítear póilín agus agus téann a phairtnéir ar an ól dá bharr. Tagann ciall chuige agus tosaíonn sé ag cartadh arís nuair a mharaítear beirt eile a raibh aithne acu ar an mbean álainn.

Bhuaigh sé seo duais don scannán ab fhearr ag Féile Scannán Bheirlín 2014.

Black Coal, Thin Ice thumb