(Les marées dans la vie des hommes)
Beidh an stiúrthóír ar an scannán, Loïc Jourdain i láthair agus réidh le ceisteanna a fhreagairt tar éis an taispeántais.
Scéal pearsanta John O’Brien atá sa scannán seo, a rinneadh thar thréimhse ocht mbliana. Iascaire beag ó Inis Bó Finne é an tUasal O’Brien a sheas roimh na húdaráis san Eoraip chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe i bhfarraigí Dhún na nGall a chosaint. Léargas atá sa scannán seo ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad.
http://widehouse.org/film/the-turning-tide-in-the-life-of-men/