lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Bande de filles)

Girlhood thumb
Stiúr: Céline Sciamma
An Fhrainc 2014
113 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Cíortar ceisteanna a bhaineann le cúrsaí óige, cine, aicme, inscne agus le gnéaschlaonadh sa saothar seo. Is déagóir den chine dubh í Marieme atá ina cónaí i mbruachbhaile bocht ar imeall Pháras. Níl sí sásta inti féin agus tá suim caillte aici sa scoil. Iompaíonn sí ar shaol na coireachta mar a chastar comrádaithe nua uirthi agus is gearr go gcuireann siad ar a compord í.

Girlhood thumb
Girlhood thumb
Girlhood thumb