lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Difret thumb
Stiúr: Zeresenay Mehari
An Aetóip 2014
99 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Dúshlán a thabhairt an bhrí atá le teideal an scannáin seo. Tá sé bunaithe ar fhíorscéal faoi fhuadach chailín óg scoile. Éigníonn a fuadaitheoir í ach éiríonn léi éalú uaidh agus a raidhfil a chrochadh léi. Caitheann sí é nuair a théann sé sa tóir uirthi. Cloiseann dlíodóir baineann faoina cás ar an raidió agus deir sí leis na póilíní áitiúla go gcosnóidh sí an cailín óg sa chúirt.

Ba é an scannán seo Rogha an Phobail ag Féile Scannán Bheirlín an bhliain seo caite.

Difret thumb
Difret thumb