(Relatos salvajes)
Sé scannán dhifriúla atá anseo a thaispeánann an méid a tharlaíonn nuair a chailleann an duine daonna guaim air féin. I scéal amháin casann an fear a scrios a saol ar fhreastalaí nuair a shiúlann sé isteach sa bhialann ina n-oibríonn sí. I scéal eile, baineann brídeog díoltas amach ag an mbainis mar go raibh a fear ag dul i mbradaíl. Cé go bhfuil na scéalta scanrúil, tá siad barrúil freisin.