lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Stiúr: Andrew Mudge
Leosóta 2013
97 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Bíonn ar fhear óg slán a fhágáil le Johannesburg agus filleadh ar an bhfód dúchais i Leosóta nuair a chailltear a athair. Castar an cailín a mbíodh sé mór léi air agus baineann siad an-cheart dá chéile arís. Ní thaitníonn seo le hathair an chailín agus díbríonn sé amach i measc na sléibhte í. Téann an fear óg á tóraíocht in éineacht lena threoraí óg, ar dílleachta é.

Bhuaigh an saothar seo duais an lucht féachana ag féilte scannán Cambridge agus Florida in 2013.

The Forgotten Kingdom thumb
The Forgotten Kingdom thumb