lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(La isla mínima)

Marshland thumb
Stiúr: Alberto Rodriguez
An Spáinn 2014
104 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Teannas polaitiúil agus sóisialta in áit bheag tuaithe príomhthéamaí an scannáin scéinséara seo atá lonnaithe sa Spáinn sa bhliain 1980 mar atá an tír ag aistriú ón gcóras deachtóireachta chuig an daonlathas. Tá beirt chailíní óga ar iarraidh thíos faoin tír san Andalúis agus seoltar beirt oifigeach anuas ó Mhaidrid chun an scéal a fhiosrú. Ach cuireann daoine áirithe ina gcoinne, agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an-mheas fós san áit ar Hitler agus ar Franco.

Marshland thumb
Marshland thumb