lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Intouchables)

Untouchable thumb
Stiúr: Eric Tolédano, Olivier Nakache
An Fhrainc 2011
112 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Níl post cúramóra ag teastáil ó Driss, inimirceach ón tSeineagáil, ach téann sé faoi agallamh chun an Roinn Leasa Shóisialaigh a choinneáil sásta. Déanann sé praiseach den agallamh; meallann sé an rúnaí agus déanann sé iarracht ubh Fabergé a ghoid. Baintear siar as gach uile dhuine nuair a roghnaíonn Philippe, an seanfhear saibhir, Driss le bheith ina chúramóir aige. De réir a chéile cothaíonn an beirt cairdeas agus foghlaimíonn siad óna chéile; Philippe faoin marijuana, suathaireacht agus rac-cheol agus Driss faoin ardchultúr agus faoileoireacht foluana.

Scannán mór-ratha é seo a thuill níos mó airgid sa díoloifig ná aon scannán neamh-Bhéarla eile agus d’éirigh thar cionn leis ar fud na hEorpa ach go háirithe. Anois tá sé tagtha chun na Gaeltachta!

Untouchable Official US Trailer

Untouchable thumb