lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Lore thumb
Stiúr: Cate Shortland
An Ghearmáin 2012
109 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Agus na comhghuaillithe ag druidim i dtreo Bheirlín, éalaíonn an déagóir Lore agus a deartháireacha agus deirfiúracha ón gcogaíocht agus imíonn siad ar aistear a thugann léargas fírinneach dóibh ar chreideamh a dtuismitheoirí. Nuair a chastar strainséir mistéireach orthu, bíonn ar Lore brath ar dhuine a bhí ina namhaid dá muintir agus dá pobal. Scéal mothúchánach agus casta é seo atá bunaithe ar an úrscéal The Dark Room le Rachel Seiffert agus a dhíríonn ar an óige agus í ag déileáil leis an oidhreacht a d’fhág an dara cogadh domhanda aici.

Lore thumb