lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Jagten)

The Hunt thumb
Stiúr: Thomas Vinterberg
Danmhairg 2012
90 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Bronnadh an gradam don aisteoir is fearr ar an scannán mealltach seo ag Féile Scannán Cannes 2012. Tá Lucas ag obair go sealadach mar chúntóir i naíonra. Níl sé i bhfad scartha óna bhean ach tá neart cairde maithe aige. Glacann sé páirt ghníomhach in imeachtaí an dlúthphobail ina maireann sé, ach téann an saol ina choinne nuair a déanann páiste gearán faoi agus is gearr go dtéann an scéal as smacht air.

 

The Hunt thumb