lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Starbuck thumb
Stiúr: Ken Scott
Ceanada 2011
109 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Scannán greannmhar é seo, a raibh an-tóir air nuair a eisíodh i gCeanada é dhá bhliain ó shin. Baineann an scéal le Davis, fear meánaosta, a bhronn síol ar chlinic scór bliain ó shin. Nuair a fhaigheann a pháirtí amach go bhfuil sí ag súil, fágann sí é. Ach is cosúil go bhfuil Davis ina athair ag thart ar 500 páiste ar fad, a gineadh lena shíol. Anois tá 142 de na páistí seo ag tabhairt cás cúirte ina aghaidh. Nuair a thagann pacáiste sa phost ina bhfuil grianghraif a pháistí ann, téann sé dá gcuardach.

 

Starbuck thumb