lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

An Dubh ina Gheal thumb
Stiúr: Paula Kehoe
Éire / Astráil 2013
53 nóiméad
 

 

Tá féiniúlacht choilíneach nua san Astráil.. pobal atá bródúil as an oidhreacht Bhundúchasach agus Ghaelach atá aige. Ach céard faoi stair an phobail seo? Bhí cónaí ar an bhfile Éireannach, Louis de Paor, san Astráil sna 1980aidí agus filleann sé ar an tír sin chun scagadh a dhéanamh ar an ról a bhí ag na Gaeil, cine gheal a chuir fúthu san Astráil, agus a bhí ar chuid den dream a dhíshealbhaigh an pobal Bundúchasach. Tá scéal na leanaí a fuadaíodh, leanaí de chine measctha a sciobadh óna muintir, agus scéal na mBundúchasach a sheas an fód faoi cheannas na 'Shamrock Aboriginees', dream a chreid go raibh siad ar fad ag troid i gcoinne an leatroim chéanna, ag croílár an fhiosraithe seo. Insíonn An Dubh ina Gheal scéal rúnda na nÉireannach san Astráil, scéal ina bhfuil an stair shóisialta agus phearsanta agus an fhilíocht fite fuaite ina chéile ann.

 

An Dubh ina Gheal thumbAn Dubh ina Gheal thumb