lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Todos tenemos un plan)

Everybody Has a Plan thumb
Stiúr: Ana Piterburg
Airgintín 2012
118 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Scannán iontach i Spáinnis, a bhfuil páirteanna bheirt deartháireacha á ndéanamh ag aisteoir amháin. Is dochtúir é duine acu, Augustin, a bhfuil cónaí air i gceantar galánta i mBuenos Aires ach tá an deartháir eile, Pedro, ag strácáil leis an saol agus gan de chomhluadar aige ach scabhaitéirí agus bithiúnaigh. Tugann Pedro cuairt ar a dheartháir, an dochtúir, le hinsint dó go bhfuil sé ag fáil bháis. Ina dhiaidh sin tarraingítear Augustin isteach i saol na coiriúlachta dá bhuíochas.

 

Everybody Has a Plan thumb