lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(De rouille et d'os)

Rust and Bone thumb
Stiúr: Jacques Audiard
An Fhrainc 2012
120 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Is é an post atá ag Stephanie i bPáirc Mara ná míolta móra a thraenáil chun cleasa a dhéanamh do na cuairteoirí. Oíche amháin, agus í amuigh, tosaíonn sí ag troid ach tagann Ali i gcabhair uirthi agus tugann sé abhaile leis í ag súil go gcaithfidh sí an oíche leis. Nuair a ionsaíonn ceann de na míolta móra í, cailleann Stephanie a dhá cos agus is é Ali an t-aon duine a thugann sólás di. Titeann sí i ngrá leis tar éis píosa ach tá Ali fós ag santú saol an bhaitsiléara nó na one night stands.

 

Rust and Bone thumb