lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 
  • Default
  • Title
  • Date
  • Random
  • Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2013 9:15 pm

    Midnight's Children

     

    Stiúr: Deepa Mehta
    An Ind/UK 2012
    146 nóiméad
    Teastas: 12A
     

     

    Scannán atá bunaithe ar úrscéal Salman Rushdie é seo a chuimsíonn 60 bliain de stair shuaite na hIndia agus na Pacastáine ó dheireadh an dara cogadh domhanda go dtí an lá atá inniu ann. Scéal faoi chlann

    Tuilleadh
  • Déardaoin 10 Deireadh Fómhair 2013 9:15 pm

    Untouchable

    (Intouchables)

    Stiúr: Eric Tolédano, Olivier Nakache
    An Fhrainc 2011
    112 nóiméad
    Teastas: 15A
     

     

    Níl post cúramóra ag teastáil ó Driss, inimirceach ón tSeineagáil, ach téann sé faoi agallamh chun an Roinn Leasa Shóisialaigh a choinneáil sásta. Déanann sé praiseach den agallamh; meallann sé an rúnaí agus déanann sé

    Tuilleadh
  • Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2013 9:15 pm

    Lore

     

    Stiúr: Cate Shortland
    An Ghearmáin 2012
    109 nóiméad
    Teastas: 15A
     

     

    Agus na comhghuaillithe ag druidim i dtreo Bheirlín, éalaíonn an déagóir Lore agus a deartháireacha agus deirfiúracha ón gcogaíocht agus imíonn siad ar aistear a thugann léargas fírinneach dóibh ar chreideamh a dtuismitheoirí. Nuair a chastar strainséir

    Tuilleadh
load more hold SHIFT key to load all load all

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr an Fhómhair 2013 - Postaer isealtaifigh

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 3ú Deireadh Fómhair leis an scannán Midnight’s Children, atá bunaithe ar leabhar leis an údar Salman Rushdie.

Tá clár láidir de scoth na scannán domhanda curtha le chéile don séasúr, ina measc An Dubh ina Gheal, scannán a rinne Louis de Paor faoi na bundúchasaigh san Astráil. Idir tús Dheireadh Fómhair agus tús mí na Nollag taispeánfar scannán (le fotheidil), chuile Déardaoin ar an scrín mhór nua atá curtha isteach san amharchlann i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, atá lonnaithe thart ar 3 mhíle siar ón Spidéal.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema, eagraíocht a dheineann comhordanú ar clubanna scannán beaga ar fud na tíre.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach dona scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) per scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

  • 03 Deire Fómhair: Midnight’s Children (An Ind/UK 2012);
  • 10 Deire Fómhair: Untouchable (An Fhrainc 2011);
  • 17 Deire Fómhair: Lore (An Ghearmáin 2012);
  • 24 Deire Fómhair: An Dubh ina Gheal (Éire/Astráil 2013);
  • 31 Deire Fómhair: White Tiger (An Rúis 2012);
  • 07 Samhain: The Hunt (Danmhairg 2012);
  • 14 Samhain: Love (An Fhrainc/Ostair 2012);
  • 21 Samhain: Rust and Bone (An Fhrainc 2012);
  • 28 Samhain: Everybody Has a Plan (Airgintín 2012).
  • 05 Nollaig: Starbuck (Ceanada 2011).

Beidh níos mó eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

Faigh ár nuachtlitir leis an gclár agus meabhrúchán faoi gach taispeántas.