lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Maidir le Elly

(Darbareye Elly)

Stiúr: Asghar Farhadi
An Iaráin 2009
109 nóiméad
Teastas: Club
Is dráma ón Iaráin é seo a bhuaigh gradam an Bhéir Airgid don Stiúrthóireacht is fearr ag Féile Scannán Bheirlín. Agus grúpa de lánúineacha rachmasacha ón Iaráin - a bhí in aon rang lena chéile agus iad ag déanamh staidéir ar an dlí - ar saoire cois cósta ar an Muir Chaisp don deireadh seachtaine, téann Elly ar iarraidh. Tá Elly míchompórdach leis an aird atá duine de na daoine eile atá ag fanacht ann a thabhairt uirthi. D'fhill sé sin ar an Iaráin le déanaí ón nGearmáin nuair a chlis ar a phósadh. Cuardaíonn na cairde do Elly agus tuigeann siad sula i bhfad nach mar a shíltear a bhítear.