lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

7 Lá i Havana

(7 días en La Habana)

Stiúr: 7 Directors
An Spáinn / An Fhrainc / Cúba 2012
129 nóiméad
Teastas: 15A
Léirítear Havana, cathair atá lán de bheocht agus de spiorad, trí shúile 7 stiúrthóir scannáin, gach duine acu ag taispeáint aon lá amháin den tseachtain i bpríomhchathair Chúba. Baineann scéal difriúil le gach aon lá ach tá siad ar fad fite fuaite lena chéile. Feicimid cathair bheo bhríomhar ina bhfuil cultúir éagsúla agus atmaisféar iontach.