lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

5 Cheamara Bhriste

(5 Broken Cameras)

Stiúr: Emad Burnat, Guy David
Iosrael / An Phalaistín 2011
90 nóiméad
Teastas: Club
Cuireann an scannán faisnéise seo an té atá ag féachaint air i gcroílár na caismirte idir na Palaistínigh agus lonnaitheoirí Iosraeil i mbaile ar an mBruach Thiar. Agus teaghlach Palaistíneach ag caitheamh an tsaoil ó lá go lá - ag ceiliúradh laethanta breithe agus ag dul ar scoil - cuireann an chaismirt shíoraí isteach ar an saol sin ar go leor bealaí. Faoi mar is léir ón teideal ní tasc éasca é cuntas a dhéanamh ar an gcaismirt sin ach tugann sé tuiscint dhoimhin dúinn uirthi.