lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Anam na gCuileog

(El alma de las moscas)

Stiúr: Jonathan Cenzual Burley
An Spáinn 2012
80 nóiméad
Teastas: Club
Scéal faoi bheirt deartháireacha a chastar ar a chéile den chéad uair riamh agus iad ag triall ar shocraid a n-athar, fear nach raibh aithne ag ceachtar acu air. Déanann siad a mbealach trí thuath na Spáinne sa scannán gleoite greannmhar seo faoi chúrsaí an tsaoil agus faoi na strainséirí a chastar orainn fan na slí.